Is coiste deonach é Coiste na Gaeilge. Tá Plean Gaeilge curtha i dtoll a chéile bunaithe ar an sprioc atá coiste deonach in ann a bhaint amach le tacaíocht ó eagrais agus ó ghrúpaí forbartha atá gníomhach sa cheantar. Thuig Coiste na Gaeilge an baol a bhí ann go gcaillfeadh Acaill an stadas Gaeltachta go háirithe í ngeall ar an laghdú a bhí ar líon na ndaltaí atá ag cur isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge. Chun labhairt na Gaeilge a neartú sa cheantar chuir Coiste na Gaeilge Plean Gaeilge le cheile . Ar dtús bhí orthú an Ghaeilge sa cheantar a mheas, mar shampla líon na dteaghlaigh atá ag labhairt Gaeilge agus dearcadh an phobail i leith na teanga, agus ina dhiadh sin b'eigin straiteisí a chur i bhfeidhm chun tacaíocht leo siúd atá ag labhairt na Gaeilge agus measúnú a dhéanamh ar na straitéisí sin agus cur leo más gá.

Bhí orthú díriú ar chlanna nach bhfuil Gaeilge ró-mhaith acu ach atá toilteanach cur leis an méid Gaeilge atá acu sa pharóiste uilig. Is é tuairim an Choiste gur cheart an paróiste a thógháil mar aonad agus déileáil leis mar cheantar Gaeltachta amháin.

Bhí orthú chomh maith obair fheabhsucháin a dhéanamh ar íomhá Ghaelach an cheantair mar áis dúinn féin agus do thurasóirí.

Tá sé aitheanta acu gurb é bunchloch na Gaeilge ná na cainteoirí dúchais atá againn cheana féin. Gan iad ní bheadh siad ábalta an Ghaeilge a aistriú ó ghlúin go glúin.
Caithfidh siad cinntiú go bhfuil an Ghaeilge shaibhir seo á roinnt le daoine ar bheagán Gaeilge nó fiú amháin gan Gaeilge agus cinntiú go bhfuil buanú, caomhnú agus sealbhú teanga ag tarlú.

Bhí orthú ceangal a dhéanamh idir an leibhéal cumais a bhí ag daoine agus an leibheál úsáide agus tógáil ar seo.

Tá obair mhór dhúshlánach amach roimh an choiste ach le comhoibriú an phobail féin agus go leor cabrach ó eagrais éagsúla stáit tá an coiste dóchasach go mbeidh torthaí dearfacha ar na hiarrachtaí agus go bhféadfaí aidhmeanna an phlean a chur i gcrích.

Tá tacaíocht curtha ar fáil do dhaoine aonaracha, do choistí agus do gach grúpa pobail. Mar shampla, coistí réamhscolaíochta agus oideachais, coiste turasóireachta, lucht gnó agus coistí forbartha áitiúla.

Más féidir le Coiste na Gaeilge cabhrú leat, beidh siad sásta sin a dhéanamh.
Beidh fáilte roimh comhfhreagras as Gaeilge.

Club Óige Acla

Tá Club Óige Acla tosnaithe gach Satharn í gColáiste Acla don aos og . Beidh an seisiún seo ar siúl ó Mí Mean Fómhair go dtí Mí Nollag 2006 (.aois grúpa 12-16 bliain d'aois) agus ansin beidh seisiún eile ag tosnú I Mí Eanair go dtí na Cácsa.

Seo Club ina mbíonn na himeachtaí Spóirt ,Siamsaíochta,agus Spraoí ar fad as Gaeilge agus chuige sin ní mór caighdeán maith labhartha Gaeilge a bheith ag na hógánaí.
Tá an seisiún go dti an Nollaig dírithe ar an aois ghrúpa 12-16 bliana d'aois . Faoi láthair tá thart tá thart ar 30 gasúr ag freastal ar an gClub.

Tá an Club dírithe ar pháisti atá ag freastal ar na bunscoileanna agus ar scoileanna dara leibhéal in Acaill ach go háirithe ar na teaghlaigh a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus dá bhrí sin beidh ról lárnach ag na tuismitheoirí ann.

Tabharfaidh sé deis do na tuismitheoirí aithne a cur ar a chéile i gcomhthéacs ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt agus feicfidh siad a bpáistí ag sealbhú na Gaeilge tré spraoí agus ag comhrá trí mheán na Gaeilge.

Dioplóma as Gaeilge

An bhfuil suim agat Dioplóma as Gaeilge Leibheál A2 a dhéanamh anseo in Acaill ag tosnú i Mí Mean Fómhair?
Cúrsa dhá Bhliain pairtaimseatha atá i gceist agus beidh 50% maoiniú ar fáil ó Údaras na Gaeltachta ar an gcostas má tá. Tuilleadh eolais ó Máire Aingeal nó Áine Maire ag 098- 43292.

Cultúr agus Teanga

Tá Áine Máire Nic an Ultaigh agus Máire Aingeal Mhic Lochlainn freagrach as Cultúr agus Teanga .
Ta go leor imeachtaí ar siúl chun an teanga agus cultúr a chur chun cinn in Acaill.

Eagraíonn an coiste ranganna Gaeilge i rith na bliana, Tráth na gCeist agus Oícheanta Áirneáil .

Tá ainmneacha na mbailte fearainn curtha i nGaeilge ar na comharthaí cloiche ar fud an pharóiste.

Ionad Seirbhisí Teanga I gCaol

Tá an tIonad Seirbhisí Teanga Oscailte anois in Áras Forbairt Acla, an Caol, Acaill
Is áis iontach é do Pharóiste Acla. Tá réimse leathan fearais idir leabhair, fístéipeanna C.D.rom srl ar fáil ar iasacht ansin chun cuidiú agus tacú le foghlaimeoirí Gaeilge agus le daoine a bhfuil suim acu an "Cúpla focal" a úsáid .

Beidh an tIonad Seirbhisí Teanga ar oscailt ón 10.00-1.00 agus 2.00 -4.00 gach lá
Beidh Áine Maire agus Maire Aingeal ansin chun cuidiú leat

Fáilte roimh gach duine
Tuilleadh eolais ó 098 43292.


Language Centre Opens in Keel

An Irish Language Resource Centre has opened in Áras Forbairt Acla, Keel. The facility contains a wide variety of books , videos and interactive C.D. Roms which are available for use either in the centre or to borrow for use at home. They'll be particularly helpful to those learning Irish and anyone interested in improving their cúpla focail

The Centre will be open from 10.00a.m-1.00 p.m and 2.00p.m.-to 4.00p.m.on weekdays . Áine Máire and Maire Aingeal will be delighted to help callers get the most benefit out of the available resources. Everyone is welcome, and any enquiries about the service can be made to 098 43292.

Ócáidí Shóisialta

Tá na hoícheanta Áirneáil ar súil í gcónaí . Thug Ógeagras Gaeilge Dhún Ibhir agus pobal an cheantar an-teaspántas siamsaíocht i Halla Pobail Dhun Ibhir agus bhain an slua mór a bhí í láthair an-taithneamh as . I gclár na hoíche chan grúpa an Ógeagrais amhráin; sheinn siad poirt ar fheadóga ; d'aithris siad filíocht agus b'aoibhinn an léiriú a thug a ngrúpa cleamairí ar dhamhsa,amhránaíocht agus ar spraoi.
Cuireadh le hatmasféar na hoíche nuair a ghlac an lucht éisteachta, idir óg agus sean páirt san amhránaíocht
Tá toradh na saroibre atá idir lámha ag ceannairí Ógeagrais feiceálach agus léirítear an méid is féidir a dhéanamh lenár gcultúr agus teanga a chur chun cinn nuair a bhíonn an pobal eagraithe agus ag comhoibriú le cheile.

Cothú

Seo seirbhís iarscoile atá ar fáil do tuismitheoirí agus paistí ó na bunscoileanna thart timpeall Acaill chun spreagadh agus cuidiú a thabhairt dóibh an Gaeilge a fheabhsú agus a cur chun cinn agus na buntáistí atá ag baint leis an líofacht Gaeilge a bheith acú.

Club Óige Acla

Bhí Cruinniú againn leis na tuismithroirí roimhré chun aidhmeanna agus cur chucú an Chlub Óige seo a mhíniú agus thosaigh an chéad seisiún ag an Chlub ar an Satharn an 23ú Meán Fómhair 2006 í gColáiste Acla ,Dú Éige
Seo chlub ina mbíonn na himeachtaí Spóirt, Siamsaíocht ,agus Spraoí ar fad as Gaeilge agus chuige sin ní mór caighdeán maith labhartha Gaeilge a bheith ag na hógánaí.
Bhí an seisiún go dtí an Nollaig dírithe ar an aois ghrúpa 12-16 bliana d’aois .
Faoi láthair tá thart ar 30 gasúr ag freastal ar an gClub.

Tá an Club dírithe ar pháistí atá freastal ar na bunscoileanna agus ar scoileanna dara leibhéal in Acaill ach go háirithe ar na teaghlaigh a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus da bhrí sin deidh ról lárnach ag na tuismitheoirí ann.
Tabharfaidh sé deis do na tuismitheoirí aithne a chur ar a chéile i gcomhthéacs ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt agus feicfidh siad a bpáistí ag sealbhú na Gaeilge tré spraoí agus ag comhrá trí mheán na Gaeilge.

Tá an Club Óige ag tosnú arais aríst don chead tréimse eile ar an Satharn deireannach de Mí Eanair- 07

 

Imeachtaí ata ar siúl in Áras Forbairt Acla

Links

 
European UnionGlór na nGaelÚdarás na GaeltachtaDepartment of Social and Family AffairsWestern Health BoardDept. Community, Rural and Gaeltacht AffairsNational Development PlanMayo County CouncilMeitheal Forbartha na GaeltachtaArea Development ManagementFÁSMeitheal Maigh Eo

Achill Community IT Centre offers information technology services, including training courses, public internet access and access to IT equipment, in Keel, Achill, Co. Mayo, Ireland, through one of the community development initiatives operated by Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla, the Achill Local Development Company.

Site design by Achill IT Centre ©