Imeachtaí atá ar siúl in Áras Forbairt Acla

(1) Ranganna ríomhairí gach leibéal ón bhun leibéal go leibeal 6, ECDL agus a leithéid.

(2) Ta an Scéim Shóisialta Tuaithe urraithe ag Comhlacht Forbartha Acla á bainistiú ag beirt mhaor in Áras Forbairt Acla. Faoi láthair tá 40 duine fostaithe ar an Scéim.

(3) Ta an Scéim Thaisteal Tuaithe riaraithe ó Áras Forbairt Acla.

(4) Bhuaigh an Comhlacht cúpla duais i rith na bliana: Duais sa chomórtas "Baile Beo" agus sa chomórtas "Gníomh don Ghaeltacht". Eagraíonn Údaras na Gaeltachta an dá chomórtas seo

Sa Chomórtas 'Baile Beo' atá á reachtáil ag Gaelsaoire ghnóthaigh CFÁA duais de €1500 i ngeall ar na hiarrachtái atá déanta chun íomhá níos Gaelaí a chruthú sa Pharóiste ó thaobh na turasóireachta de.

Sa Chomórtas 'Gníomh don Ghaeltacht' atá a reachtáil ag Údaras na Gaeltachta ghnóthaigh CFÁA duais de €1000 i ngeall ar na hiarrachtái atá ar siúl i dtaobh cursái forbartha sa Pharóiste.

Déanann Bainisteoir CFÁA Tarlach Ó Duibhir agus Bord CFÁA comhgháirdeas leis an dhá ghrúpa pobail ó Acaill - Muintir a'Chorráin agus Coiste Forbartha Thóin re Gaoith a ghruaigh duaiseanna sna comórtais chomh maith.

Tá Coiste na Gaeilge an-tsásta leis an méid ata bainte amach don pharóiste. Mar aitheantas ar an obair go léir ghruaigh Coiste na Gaeilge an chéad duais i gcomórtas Glór na nGael 2005.
Ghruaigh Comhlacht Forbartha Áitiuil Acla duais sna AIB Better Ireland Awards i ngeall ar a gcuid oibre ar son an phobail. Clochmhíle é seo stair C.F.Á.A.

Thóg obair Comhlacht Forbartha Áitiúíl Acla treoir nua nuair a chuir siad suas comharthaí chloiche ar theorainn pharóiste Acla. Ba C.F.Á.A. ba bhun leis an dá chloch tharraingteacha nua-thógtha, cloch amháin ar bhóthar an chósta agus cloch eile ar an phríomhbhóthar, chun fáilte a chur roimh gach duine a thagann go dtí an paróiste, agus treoir a thabhairt do chuairteoirí. Beidh fios acu gan dabht gur ceantar álainn aoibhinn é Acaill. Chuir Comhairle Chontae Mhaigh Eó, na clocha ar fáil agus thug Údarás na Gaeltachta agus Glór na nGael urraíocht chun an scríbhneoireacht a dhearadh ortha.


Biorán Acla

Seoladh Biorán Nua Acla mar chuid den Oíche Lucht Gnó a d'eagraigh Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla do lucht Gnó Acla cúpla seachtain ó shin.
Tá na Bioráin áille ar fáil ins na siopaí seo leanas.
Siopa Chiaráin Mhic Suibhne Gob a Choire, Siopa Bretts ,Gob a' Choire Turasóireacht Acla an Caiseal. Teach Tabhairne Teds an Caiseal. Siopa Mháiread Ui Mhaolábháil an Caiseal agus an Bialann an Beehive,An Caol.

Ranganna Gaeilge

Beidh Ranganna Gaeilge do Tuismitheoirí, Tosaitheoirí agus Ranganna Idir mheannach ag tosnú arais ar an Mháirt an 23ú Eanair 07
Failte roim cách;
Tuilleadh eolais ó Máire Aingeal nó Áine Máire @ 098 – 43292.

Trá na gCeist do na Bunscoileanna

Bhí Trá na gceist againn do na Bunscoileanna go léir Ghlac thart timpeall 80 paistí páirt san Quiz Boird agus bhain na paisti uilig an-sult as.


 

Coiste na Gaeilge

Links

 
European UnionGlór na nGaelÚdarás na GaeltachtaDepartment of Social and Family AffairsWestern Health BoardDept. Community, Rural and Gaeltacht AffairsNational Development PlanMayo County CouncilMeitheal Forbartha na GaeltachtaArea Development ManagementFÁSMeitheal Maigh Eo

Achill Community IT Centre offers information technology services, including training courses, public internet access and access to IT equipment, in Keel, Achill, Co. Mayo, Ireland, through one of the community development initiatives operated by Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla, the Achill Local Development Company.

Site design by Achill IT Centre ©