CFAA Achill Local Development Company and I.T. Centre, Achill, Co Mayo Ireland
Teagmháil   |   Nascanna   |   Teanga (EN) 
FAIL (the browser should render some flash content, not this).
 

Nuacht & Imeachtaí

Silver Surfers Computer Course

I.T. Classes for the Over 55's will commence in Áras Forbairt Acla in late September 2010 @ 3pm. 

 

Call Anne-Marie on 098-43292 or email ainemaire@acaill.com to book your place!!!

Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla’s New Fetac level 5 e-Business & ECDL course to commence in September 2010

Applications are now being sought for people interested in a new 25 week part-time FETAC Level 5 e-Business & ECDL course. If there are sufficient applicants the course will be delivered by CFÁA in co-operation with FAS.

 Preference will be given to those who have not previously undertaken similar training.

A training allowance will be paid; childcare and travel subsidies may also be available.

If you are interested in taking part in this course, please contact Anne Marie @ 098 43292 or ainemaire@acaill.com

 

Need to renew your Safe Pass Card in 2010?

One day Safe Pass Courses available in Áras Forbairt Acla.  Contact Anne-Marie @ 098-43292 or ainemaire@acaill.com to book your place!

     
 


Cultur & Teanga

Aidhmeanna:

Úsáid na teanga a chur chun cinn i ngach gné de shaol an pharóiste.

An cultúr agus an oidhreacht áitiúil a chosaint agus a chaomhnú do na glúnta  romhainn.

Seoladh Plean Nua Gaeilge Acla 2008 – 2011  i mí Iúil 2008 mar chuid leanúnach de Phlean Gaeilge trí bliana roimhe sin agus tá ábhar  an plean á chur i bhfeidhm go seasta.  Cuirtear béim mhór ar imeachtaí trí Ghaeilge mar spórt agus spraoi don óige, drámaíocht, tráth na gceist, ceol agus a leithéid chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Eagraítear imeachtaí sóisialta agus  cultúrtha  agus tugtar tacaíocht d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí eile sa pharóiste atá ag saothrú ar son cultúir agus teanga.

 

 Club Óige Acla

 

Bunaíodh Club Óige Acla dhá bhliain ó shín ina mbíonn imeachtaí Spóirt, Siamsaíochta agus Spraoi ar siúl  i gColáiste Acla Dú Éige ar fad trí mheán na  Gaeilge. Chuige sin ní mór caighdeán maith labhartha Gaeilge a bheith ag na hógánaí chun freastal ar an gClub seo.

Bíonn an Club ar siúl don aos óg gach maidin Dé Sathairn ó 10.00r.n.-1.00i.n don aois ghrúpa 7-14 bliana d’aois.

Tá an Club ag díriú ar pháistí atá ag freastal ar na bunscoileanna agus ar na meánscoileanna in Acaill.

 

 

Ranganna Gaeilge do Thuismitheoirí.

 

Bíonn sraith ranganna Gaeilge ocht seachtainí ar siúl i rith na bliana do

thuismitheoirí ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha.

Tá go leor tuismitheoirí ar mhaith leo cuidiú lena  gclanna leis an

obair bhaile Gaeilge agus chuige sin tá  na ranganna seo á gcur ar fáil dóibh.

 

 

Ranganna Gaeilge d’Fheabhsóirí  

 

Bíonn sraith ranganna Gaeilge d’fheabhsóirí ar siúl in Áras Forbairt Acla

i rith na bliana agus bíonn an-éileamh orthu siúd.

Is tuar dearfach é ó thaobh todhchaí na teanga  go bhfuil an oiread sin suime ag an oiread sin daoine freastal ar na ranganna seo.

 

 

Dioplóma as Gaeilge B2

 

Is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá an cúrsa seo á reáchtáil . Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain atá i gceist.

Tá dhá sheimeastar i mbliain acadúil. Tá 12 sheachtain i ngach seimeastar.

Beidh trí uair an chloig teagaisc i gceist gach seachtain thar dhá bhliain acadúil.

Beidh an rogha ag mic léinn freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht deireadh seachtaine amháin le linn gach seimeastar.

 

Dioplóma As Gaeilge A2

 

Thosaigh an chúrsa seo ar an gChéadaoin an 26ú Meán Fómhair 2007. Tá 17 cláraithe go dtí seo . Tá dhá sheimeastar i mbliain acadúil. Tá 10 sheachtain I ngach seimeastar

Is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoill na hEireann Gaillimh atá an cúrsa seo á reachtáil.

Bíonn  dhá uair an chloig teagaisc i gceist gach seachtain thar dhá bhliain.

 

Cothú

Seo seirbhís iarscoile a thosaigh dhá bhliain ó shin chun tacú agus cuidiú a thabhairt do na daltaí agus dá dtuismitheoirí atá ag freastal ar na bunscoileanna in Acaill le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge

Tá an tseirbhís seo ar fáil uair sa tseachtain in Áras Forbairt Acla d’ aon dalta bunscoile in  Acaill a bhfuil suim aige/aici ins an Scéim.

Tagann na daltaí isteach agus má tá fadhbanna acú leis an obair bhaile tugtar cabhair agus comhairle dóibh leis na ceachtanna.

 

 

Plean Gaeilge Acla

 

Plean Gaeilge Acla 2008-2011

Seoladh Plean Gaeilge nua 2008-2011 i mí Iúil 2008 agus is Plean Leanúnach  é seo den Phlean Trí Bliana a cuireadh i dtoll a chéile inar aimsíodh aidhmeanna agus straitéisí chun an Ghaeilge a chur chun cinn imeasc an óige, tuismitheoirí,  san eaglais, san ionad gnó agus sa saol sóisialach agus leagadh síos spriocanna do gach ceann de na trí bliana.

Tá súil againn go ndéanfaidh an Plean seo chuile iarracht an Ghaeilge a shlánú, a chaomhnú, agus a chur chun cinn i ngach gné de shaol an pharóiste

 Comórtas don Lucht Ghnó/Gnó le Ghaeilge

Chuir Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta

comórtas ar bun  in Acaill i measc na ngnóthaí áitiúla chun an Ghaeilge ar chur chun cinn ina ghnóthaí féin.

Tá an-chomhoibriú á fháil ón lucht gnó maidir le húsáid na teanga agus comharthaíocht san ionad gnó.

 

Bronntar duaiseanna ar na gnóthaí is fearr a dhéanann an iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn ina n-ionaid oibre, mar shampla, bileoga, biachláir, comharthaí Gaeilge agus a leithéid.

Scaip Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla ceistneoirí le fáil amach  cérbh  iad na gnóthaí a raibh suim acu a bheith páirteach.

Bhí deich ngnó áitiúla páirteach ann an bhliain seo chaite agus fuarthas iarratais ó cheithre cinn déag i mbliana.

                             

view more...



 

Cóipcheart © Acaill.com ceartúcháin cotúil